search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA cercato: ' meitheamh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index  meitheamh:

    TEIDEAL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    TEIDEAL II
    BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN

    TEIDEAL III
    BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ

    CAIBIDIL 1
    Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

    CAIBIDIL 2
    Bearta chun comhcheadúnú a éascú

    CAIBIDIL 3
    Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh

    CAIBIDIL 4
    Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí

    TEIDEAL IV
    BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH

    CAIBIDIL 1
    Cearta i bhfoilseacháin

    CAIBIDIL 2
    Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne

    CAIBIDIL 3
    Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí

    TEIDEAL V
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas  meitheamh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 639

 

Airteagal 13

Sásra caibidlíochta

I gcás páirtithe a mbeidh deacrachtaí acu a bhaineann le cearta a cheadúnú nuair a fhéachann siad le comhaontú a thabhairt i gcrích chun saothair chlosamhairc a chur ar fáil ar sheirbhísí físeáin ar éileamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad brath ar chúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaithe. An comhlacht neamhchlaonta arna bhunú nó arna ainmniú ag Ballstát chun críche an Airteagail seo agus na hidirghabhálaithe, tabharfaidh siad cúnamh do na páirtithe lena gcaibidlíochtaí agus cabhróidh siad leis na páirtithe teacht ar chomhaontuithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a chur faoina mbráid.

Tráth nach déanaí ná 7 meitheamh 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1. I gcásanna inar roghnaigh Ballstáit dul ar iontaoibh idirghabhála, beidh ar áireamh san fhógra chuig an gCoimisiún, ar a laghad agus nuair a bhíonn fáil air, an fhoinse inar féidir faisnéis ábhartha a fháil i dtaobh na n-idirghabhálaithe a bhfuiltear ag gabháil ar a n-iontaoibh.

CAIBIDIL 4

Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí

Airteagal 15

Preasfhoilseacháin a chosaint i dtaobh úsáidí ar líne

1.   Déanfaidh na Ballstáit na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(2) de Threoir 2001/29/CE le haghaidh úsáid ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise as a bpreasfhoilseacháin a sholáthar d'fhoilsitheoirí preasfhoilseachán atá bunaithe i mBallstát.

Ní bheidh feidhm ag na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír maidir le húsáidí príobháideacha nó neamhthráchtála do phreasfhoilseacháin ag úsáideoirí aonair.

An chosaint a dheonaítear faoin gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le hipearnascadh.

Na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu i ndáil le húsáidí a bhaintear as focail aonair nó sleachta an-ghearr as preasfhoilseacháin.

2.   Leis na cearta dá bhforáiltear i mír 1, fágfar slán na cearta dá bhforáiltear i ndlithe an Aontais d'údair agus do shealbhóirí cirt eile, i leith na saothar agus an ábhair eile arna n-ionchorprú i bpreasfhoilseachán agus ní dhéanfar difear leo ar aon slí do cheann ar bith de na cearta sin. Na cearta dá bhforáiltear i mír 1, ní dhéanfar iad a agairt i gcoinne na n-údar sin agus na sealbhóirí cirt eile agus, go háirithe, ní dhéanfar an ceart atá acu chun a saothair agus as a n-ábhar eile a shaothrú go neamhspleách ón bpreasfhoilseachán ina bhfuil siad ionchorpraithe a bhaint díobh.

Nuair a bhíonn saothar nó ábhar eile ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán ar bhonn ceadúnas neamh-eisiach, ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid ag úsáideoirí údaraithe eile a thoirmeasc. Ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid saothar nó ábhar eile a bhfuil a gcosaint imithe in éag a thoirmeasc.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 5 go 8 de Threoir 2001/29/CE agus ag Treoir 2012/28/AE agus Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) i leith na gceart dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Rachaidh na cearta dá bhforáiltear i mír 1 in éag 2 bhliain tar éis fhoilsiú an phreasfhoilseacháin. Deanfar an téarma sin a ríomh ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an dáta ar a bhfoilsítear an preasfhoilseachán sin.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le preasfhoilseacháin a céadfhoilsíodh roimh 6 meitheamh 2019.

5.   Forálfaidh na Ballstáit go bhfaighidh údair saothar atá ionchorpraithe i bpreasfhoilseacháin sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí nuachtáin as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.

Airteagal 17

Úsáid inneachair chosanta ag soláthraithe seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne

1.   Forálfaidh na Ballstáit gur gníomh cur i láthair don phobal nó gníomh cur ar fáil don phobal chun críocha na Treorach seo a dhéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne nuair a thugann sé rochtain phoiblí ar shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ar ábhar cosanta eile atá uaslódáilte ag a húsáideoirí.

Dá bhrí sin, gheobhaidh soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne údarú ó na sealbhóirí cirt dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2001/29/CE, mar shampla trí chomhaontú ceadúnaithe a thabhairt i gcrích, chun na saothair nó an t-ábhar eile a chur i láthair don phobal nó a chur ar fáil don phobal.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, nuair a bhíonn údarú faighte ag soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, mar shampla trí chomhaontú ceadúnaithe a chur i gcríoch, go gclúdóidh an t-údarú sin freisin gníomhaíochtaí a rinne úsáideoirí na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3 de Threoir 2001/29/CE nuair nach bhfuil siad ag gníomhú ar bhonn tráchtála nó sa chás nach ngineann a ngníomhaíocht ioncaim shuntasacha.

3.   Nuair a dhéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomh de chur i láthair don phobal nó de chur ar fáil don phobal, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag an teorainn dliteanais a bhunaítear in Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE maidir leis na staideanna atá clúdaithe ag an Airteagal seo.

Ní dhéanfaidh an chéad fhomhír den mhír seo difear don fhéidearthacht Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthraithe seirbhíse sin chun na gcríoch atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.

4.   Mura mbíonn aon údarú deonaithe, beidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoi dhliteanas as gníomhaíochtaí neamhúdaraithe de shaothar agus ábhar eile atá faoi chosaint chóipchirt a chur i láthair an phobail lena n-áirítear na saothair agus ábhair eile atá faoi chosaint chóipchirt a chur ar fáil don phobal, mura rud é go léiríonn na soláthraithe seirbhíse go ndearna siad:

(a)

sárdhícheall chun údarú a fháil; agus

(b)

sárdhícheall, i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal, a áirithiú nach bhfuil fáil ar shaothair agus ábhar eile ar leith a ndearna sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach ina dtaobh a sholáthar do na soláthraithe seirbhíse, agus in aon chás;

(c)

gníomhú go tapa, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil ó na sealbhóirí cirt, chun saothair nó ábhar a bhfuair siad fógra ina dtaobh a bhaint dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú, agus go ndearna siad sárdhícheall chun aon uaslódálacha todhchaíocha a chosc i gcomhréir le pointe (b).

5.   Ina chinneadh cibé a bhfuil a cuid oibleagáidí faoi mhír 4 comhlíonta ag an soláthraí seirbhíse, agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, ba cheart na heilimintí seo a leanas, i measc nithe eile, a chur san áireamh:

(a)

cineál, spriocphobal agus méid na seirbhísí agus na gcineálacha saothair nó ábhar eile a ndearna úsáideoirí na seirbhíse iad a uaslódáil; agus

(b)

an fháil atá ar mheáin oiriúnacha agus éifeachtacha agus costas na meán sin do na soláthraithe seirbhíse.

6.   Forálfaidh na Ballstáit, maidir le soláthraithe seirbhíse nua atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bhfuil a gcuid seirbhísí ar fáil don phobal san Aontas ar feadh níos lú ná 3 bliana agus a bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi EUR 10 milliún arna ríomh i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (20), go bhfuil na coinníollacha leo faoin gcóras dliteanais a leagtar amach i mír 4 teoranta do phointe (a) de mhír 4 a chomhlíonadh agus do ghníomhú go tapa, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil, chun rochtain ar shaothair agus ar ábhair a bhfaigheann siad fógra ina dtaobh a chosc nó chun na saothair nó ábhair eile a bhaint anuas dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú.

I gcás ina mbíonn meánlíon na gcuairteoirí uathúla míosúla atá ag na soláthraithe seirbhíse sin níos mó ná 5 mhilliún, arna ríomh ar bhonn na bliana féilire díreach roimhe sin, léireoidh siad freisin go ndearna siad sárdhícheall chun uaslódálacha breise de na saothair agus ábhar eile a bhfuair siad fógra ina leith agus ar thug na sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach dóibh ina dtaobh a chosc.

7.   An comhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt, ní hé a bheidh de thoradh air go gcoiscfear an fháil atá ar shaothair agus ar ábhar eile arna n-uaslódáil ag úsáideoirí agus nach sáraíonn cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil na saothair sin nó ábhar eile clúdaithe ag eisceacht nó teorainn.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí i ngach Ballstát in ann brath ar cheann ar bith de na heisceachtaí nó teorainneacha seo a leanas atá cheana ann nuair a bhíonn inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí á uaslódáil nó á chur ar fáil ar sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne:

(a)

athlua, critic, léirmheas;

(b)

úsáid chun críche caracatúir, scigaithrise nó paistíse.

8.   Ní leanfaidh aon oibleagáid faireacháin ghinearálta as cur i bhfeidhm an Airteagal seo.

Forálfaidh na Ballstáit go soláthróidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne do na sealbhóirí cirt, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis leormhaith maidir le feidhmiú a gcleachtas i ndáil leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 4 agus, i gcás comhaontuithe ceadúnaithe a bheith tugtha chun críche idir soláthraithe seirbhíse agus sealbhóirí cirt, faisnéis maidir le húsáid an inneachair atá clúdaithe ag na comhaontuithe.

9.   Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne sásra gearáin agus sásaimh atá éifeachtach agus tapa a chur ar bun agus go mbeidh sé ar fáil d'úsáideoirí a seirbhísí i gcás díospóidí i dtaobh saothair nó ábhar eile arna n-uaslódáil acu a bhaint anuas nó rochtain orthu a dhíchumasú.

Nuair a iarrann sealbhóirí cirt go ndéanfar rochtain ar a saothair nó a n-ábhair eile ar leith a dhíchumasú, nó na saothair nó an t-ábhar eile sin a bhaint anuas, tabharfaidh siad réasúnú cuí ar na cúiseanna atá acu lena n-iarraidh. Gearáin a chuirtear isteach faoin sásra a ndéantar foráil dó sa chéad fhomhír, déanfar iad a phróiseáil gan moill mhíchuí agus cinntí chun inneachar uaslódáilte a bhaint anuas nó chun rochtain air a dhíchumasú, beidh siad faoi réir athbhreithniú ó dhuine daonna. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar shásraí sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh réiteach díospóidí. Leis na sásraí sin, beifear in ann díospóidí a réiteach go neamhchlaonta agus ní cheilfear an chosaint dlí a thugann an dlí náisiúnta ar an úsáideoir, gan dochar do chearta na n-úsáideoirí dul ar iontaoibh réitigh bhreithiúnacha éifeachtúla. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar chúirt nó ar údarás breithiúnach ábhartha eile chun úsáid eisceachta nó teorann ar chearta cóipchirt agus cearta gaolmhara a éileamh.

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear ar aon slí d'úsáidí dlisteanacha, amhail úsáidí faoi eisceachtaí nó teorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, agus ní fhágfaidh sé go bhféadfar úsáideoirí aonair a shainaithint ná sonraí pearsanta a phróiseáil, seachas i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE agus le Rialachán (AE) 2016/679.

Déanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne na húsáideoirí a chur ar an eolas ina gcuid téarmaí agus coinníollacha gur féidir leo saothair agus ábhar eile a úsáid faoi eisceachtaí nó teorainneacha ar chóipcheart agus cearta gaolmhara dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.

10.   Amhail ón 6 meitheamh 2019, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, idirphléite a eagrú leis na geallsealbhóirí chun dea-chleachtais don chomhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt a phlé. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhchomhairle le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, le sealbhóirí cirt, le heagraíochtaí úsáideoirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus aird á tabhairt ar thorthaí na n-idirphléite leis na geallsealbhóirí, treoraíocht a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, go háirithe i ndáil leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 4. Nuair a bhíonn na dea-chleachtais á bplé, tabharfar aird ar leith, i measc nithe eile, ar an ngá atá ann le cóimheá a aimsiú idir cearta bunúsacha agus úsáid na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha. Chun críche an idirphlé seo leis na geallsealbhóirí, beidh rochtain ag eagraíochtaí úsáideoirí ar fhaisnéis leormhaith ó sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne maidir le feidhmiú a gcuid cleachtas i ndáil le mír 4.

CAIBIDIL 3

Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí

Airteagal 26

Cur i bhfeidhm i dtaca le ham

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo i leith gach saothair agus ábhair eile atá faoi chosaint ag an dlí náisiúnta i réimse an chóipchirt an 7 meitheamh 2021 nó i ndiaidh an dáta sin.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir gan dochar d'aon ghníomhartha a cuireadh i gcrích agus d'aon chearta a fuarthas roimh an 7 meitheamh 2021.

Airteagal 27

Foráil idirthréimhseach

Beidh comhaontuithe maidir le cearta na n-údar agus na dtaibheoirí a cheadúnú nó a aistriú, faoi réir na hoibleagáide trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 19 amhail ón 7 meitheamh 2022.

Airteagal 29

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 7 meitheamh 2021. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 30

Athbhreithniú

1.   Tráth nach túisce ná 7 meitheamh 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 7 meitheamh 2024, measúnú ar an tionchar atá ag córas dliteanais shonraigh atá leagtha amach in Airteagal 17 is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil is lú ná EUR 10 milliún agus a raibh a gcuid seirbhísí ar fáil don phobal san Aontas ar feadh níos lú ná 3 bliana faoi Airteagal 17(6) agus, más iomchuí, déanfaidh sé gníomhaíocht i gcomhréir le conclúidí a mheasúnaithe.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

Airteagal 32

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.

(2)  IO C 207, 30.6.2017, lch. 80.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.

(4)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dlí bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20-28).

(5)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir leis an trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(6)  Treoir 2001/29/CE ón Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(7)  Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus leis an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).

(8)  Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí na gclár ríomhaireachta (IO L 111, 5.5.2009, lch. 16).

(9)  Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí áirithe a cheadaítear i leith saothair dhílleachta (IO L 299, 27.10.2012, lch. 5).

(10)  Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach na gceart i saothair cheoil d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1).

(12)  Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla (IO L 248, 6.10.1993, lch. 15).

(13)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(15)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(18)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(19)  Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lch. 6).

(20)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).


whereas









keyboard_arrow_down